Gaeilge | Béarla
PÚCA (2024)
éire | GearrScannán | gAEILGE ⁊ Béarla | Béaloideas, dRáMA
1967. Tagann imní ar Donnellan, ógbhean atá ag cur fúithi ar fheirm uaigneach in Iarthar na hÉireann, nuair nach bhfilleann a dheirfiúr ón bhaile. Agus na laethanta ag sciorradh uaithi go tapa agus a cuid amhrais ag fás, téann Donnellan amach go lár an phortaigh, chun aghaidh a thabhairt ar neach aduain a bhfuil clú air as na daoine a chastar air a fhuadach. Ach aimsíonn Donnellan rud éicínt i bhfad níos contúirtí ná púca amuigh ar an bportach - fírinne shearbh nach bhfuil sí ag dréim leis.
Céiliúradh is ea PÚCA ar thírdhreach, teanga, agus béaloideas na hÉireann a chíorann castacht an duine tríd na scéalta atá muid sásta glacadh leo, agus iad siúd nach bhfuil.